Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 058

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 058

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 058
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí óganach breágh, dathúil i na chomhnuídhe cois fairrge fadó riamh. Ba bhéas leis eirighe go moch gach maidean Domhnaigh agus dul go dtí an chéad Aifreann. Nuair a thagadh sé abhaile annsan, thugadh sé tamall de’n lá ag suidhe ar fhailltreacha na fairrge.
    Domhnach áirithe agus é ar bharr faille mar sin, do-chonnaic sé uaidh síos ‘na suidhe ar chloich an bhean ba bhreághtha dár luigh súil duine riamh uirri. Bhí ceann breágh fionn-rua gruaige uirri, go raibh scáil an óir ins gach dlaoí dhí, agus í ar sileadh síos go talamh leí. Ag cíoradh a cinn fé'n ngréin a bhí sí agus ní raibh a fhios ag an óig-fhear cérbh' í nó cad ab as í, mar isé a drom a bhí leis; agus na theannta san bhí brat draoidheachta tímcheall uirthi.
    Dhein sé síos fé na déin, mar chuimhnigh sé gur minic d'airig sé trácht ar an murbhach agus nách foláir nó gurbh í a bhí ann. Déaluigh sé ar a bhairricíníbh laistiar di agus sciob an brat draoidheachta dá slinneánaibh anuas.
    D’fhiafhruigh an t-óig-fhear de’n mhurbhach annsan an dtiocfhadh sí leis agus é phósadh.
    “Tiocfad,” ar sise, “má's dáiríribh duit – níl aon dul as agam anois, is dócha agus mé gan mo bhrat.” Bheir sé leis abhaile í agus chuir sé an brat fé ghlas.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. murúcha (~305)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Críodáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Drom an Ailigh, Co. Chorcaí