Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 060

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 060

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 060
  3. XML “Scéal - Dónall Ó Conaill”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Domhnall Ó Conaill thall i Sasana uair agus do fuair sé cuireadh chun dinnéir ó dhuine uasal gallda. Bhí a lán daoine uaisle eile ag an dinnéar agus do bhí sé socair nimh a thabhairt do Dhomhnall agus é a chur chun báis.
    Do cuireadh an nimh isteach i ngloine Dhomhnaill. Bhí an chuideachta suidhte tímpeall an bhúird agus a ghloine féin ós comhair gach duine acu. Bhí cailín aimsire ó Éirinn sa tig go raibh gaedhilg aici agus do fuair sí amach mar gheall ar an nimh. Do fuair sí leath-sgeal éigin chun dul isteach i seómra an bhídh mar a raibh Domhnall is na h-uaisle eile. Leog sí uirthe bheith ag amhrán sa gaedhlinn agus í ag gabhail tímcheall agus ’sé seo an caint a bhí ar siubhal aici.
    “A Domhnaill Uí Chonaill an dtuigeann tú gaedhilg
    Thuig Domhnall gur oir don chailín rud éigin d’innsint dó agus ná raibh san amhrán ach leath-sgeal. Leóg sé air bheith ag rádh an amhráin leis agus dubhairt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chróinín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí