Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 064
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Teampall Bhaile Mhúirne.
    Bhí Naomh Gobnait i m-Baile-Mhúirne fadó agus do thosnuigh sí ar Theampall a dheanamh ann. Tháinig na Sasanaigh ag triall uirthi agus dubhradhar léi an áit a fhágaint mar gur oir an áit dóibh féin chun Teampall a dhéanamh ann.
    Chaith sí an áit a fhágaint uatha agus thosnuigheadar san ag deanamh Teampaill. Fé cheann bheagán aimsire an méid a dheinidís gach lá bhíodh sé leaguighthe ar maidin rómpa.
    Do thagadh Gobnait thall ar an Seana-Chluain ar aghaidh an Teampaill amach agus chaitheadh sí bolla mór iarainn agus do leagadh sí a ndeinidis gach lá.
    Chaitheadar an áit fhágaint fé cheann suím aimsire. Thosnuigh Gobnait ar obair arís ann ansan.
    Bhí capall bán aici agus do chuaidh na Sasanaigh i g-cómhairle chun an capall a ghuid uaithí.
    Do fuaradar gaidaí chun é dheanamh. Tháinig sé oidhche agus ghuid sé an capall.
    Do fuaireadh é ar maidin ag marcuidheacht ar an gcapall is é ag gabháil tímcheall an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Liatháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí