Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 081

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 081

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 081
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Ins an aimsir atá caite is tithe cinn tuí ba mhó a bhí ar fuaid na tíre seo, agus ins an am san do cuirfí ar bharr an tsimné rud éigin déanta de shlata i bhfoirm cléibhe nó ciseáin, mar bhriseadh ar an ngaoith, in ionad na bpíopaí a cuirtear anois ann.
    Do bhí fear ann agus do dhein sé mórán saibhris go cruálach ar bheagán fáltais. Do bhí iníon amháin aige agus ní fheadair sé conas a dhéanfadh sé cleamhnas di le duine mór éigin.
    Do bhí fear óg insa gcomharsanacht aige a bhí beagán rabairneach mar is gnáth lena leithéid a bheith. Do chuir an fear so teachtaireacht chun an fhir féachaint an dtabharfadh sé a iníon do le pósadh.
    Do tháinig áthas a croí ar an iníon agus ar an mháthair mar gheall ar an scéal agus do cheapadar lá don teachtaire chun an fhir óig do theacht ag déanamh an chleamhnais.
    Do dhein bean a’ tí agus a hiníon suas an tigh go hálainn i gcómhair lae an choinne. Do bhí gach aon ní go rí-maith ach go raibh an simné go holc acu, agus níorbh fholáir don iníon agus don mháthair do chur d’fhiachaibh ar fhear a’ tí dul ad iarraidh iasacht
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Ríordáin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Na Curraithe, Co. Chorcaí