Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí fear agus bean ina gcómhnuidhe cois na fairrge i gCiarraaighe fadó agus bhíodar ana bhocht. Bhí muiréan mór ortha agus gan puinn bíadh le fághail aca. Aon lá amháin tháinig fear siúbhail isteach agus d’iarr sé lóisdín na h-oidhche ortha.
Dúbhairt fear a’ tíghe go bhfaigheach agus fáilte nár chuir sé féin fear siúbhail ó na dhoras riamh. Fuair a bhean an súipéar ollamh do agus ní raibh de bhainne acht ach an méid do dhein an súipéar dóibh.
Chuadar a coladh agus chuir fear a’ tíghe an boulta ar an doras. Maidin lá ar na mháireach nuair d’eirig fear a’ tighe ní raibh aon tuairisg don fhear siúbhal agus nuair a bhí an boulta ar an doras ní raibh fhios acu cár imthig sé.
D'osgail fear a' tíghe an doras agus nuair d’fheuc sé amach connaic sé bó amuigh sa bhuaile agus í ag sileadh bainne. Ghlaoidh sé ar a mhnaoí agus dubhairt sé léi an bhó do crúd. Do crúidh sí an bhó agus líon sí an áthrach go tapaidh.
D’fhógar sé an bó ó altórtaibh na dtrí bhparóiste agus níor tháinig éinne dhá h iarraidh. D’fhan an bhó aige féin chomáineadh sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Gobnait Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí