Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 188

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 188

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 188
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Peigí Ní Chéilleachair, Cathair na Cátha. Aois – Aon bhliain déag
    17-10-’38
    Béaloideas – Scéal
    Do rugadh Naomh Bréanann i gCiarraí. An lá do baisteadh é i dtobar in aice
    Thrá Lí do léim trí cinn de chaoire as an dtobar. Tá “Tobar na Molt” ón lá san go dtí an lá atá inniu ann mar ainm ar an dtobar. Nuair a bhí Bréanann ag dul ar scoil ní bhíodh aon bhainne le fáil ag an mac léinn. Do bhí an buachaill beag ag gol lá ag lorg bainne. Tré na deora chonaic sé fia ag teacht chuige ó na cnoic. Eilit mhaol a bhí ann agus bhí bainne aici. Fuair Bréanann an bainne gach lá as san amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Cheallacair
    Inscne
    Baineann
    Aois
    11
    Seoladh
    Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí