Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 199

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 199

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 199
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill ón bparóiste seo ag friotháileamh saor darbh ainm Mícheál Ó Déisigh i bparóiste Dhún Mánmhaí. Bhí an saor ag tabhairt air go seóigh ag magadh fé agus ag magadh fén áit ónar tháinig sé. Duairt an buachaill go bhfaigheadh sé fear ón áit as a dtáinig sé a chiúineodh é. Duairt an fear ná faigheadh, ná sa pharóiste ba giorra dho, a chiúineodh é féin. Chuir an buachaill geall ar son fear darbh ainm Séamas Mór Ó Muimhineacháin. File dob ea é a bhí ’na chónaí i gCarraig na Damhra. Insa gheall bhí ar an buachaill teacht á iarraidh agus do tháinig. Ar a dó dhéag a chlog san oíche do ghlaoigh sé air ag á thigh. Ní raibh aon chóir mharcaíochta ins an am san ach cúrsa a thabhairt de shiúl na gcos agus ar a dó dhéag a chlog lá ar na mháireach do shrois leo bheith theas. Istigh i dtigh tábhairne bhuail an fear seo iompu, Micheál Ó Déisigh. D’fháiltigh sé roimh Séamas Mór Ó Muimhineacháin is do shín sé deoch chuige treasna an bhoird. Le linn na dí a thógaint do Shéamas thosnaigh sé ar an ngnó a thug é:-
    “A Mhíchíl, ar seisean, a shaoir ghroí do Dhéiseachaibh,
    Chímíd tú in iontaoibh ár léanntuigse.
    Do dhroim gill má shuím síos go scéithfeadfsa
    Ar cad é aois Chríost agus an mó Rí a bhí ar gach taobh den mhuir,
    Cad é an slí a bhíonn sa taoide ag teacht is ag dul,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Mhuimhneacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Charraig, Co. Chorcaí