Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 141

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 141

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 141
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Béaloideas

    Neithe nár cheart iontaoibh a bheith asta:

    Nithe nár cheart iontaoibh a bheith astu:-
    Adharc bó, tóin capaill, gáire Sasanaigh nó drannadh madra.

    Oíche Fómhair, tóin linbh, ná sláinte duine críonna.
    Trí ghéithte tairbh:-
    Siúl dána, muineál láidir agus bonn cruaidh.

    Trí ghéithte giarrfhiadh:-
    Cluas éadrom, súil iomallach agus fionnadh mín.

    Trí ghéithte mná:-
    Ucht leathan, cum caol agus drom gairid.
    An Lá San Phóil má fhógrann grian le teas
    Beidh rath go leor agus Fómhar na bliana i gceart,
    Nó an Lá San Phóil má bhíonn sneachta ar mhórchnoic thoir, thuaidh nó theas
    Beidh ár go leor agus is cóir don bhliain bheith tearc.

    Cad iad na nithe nách féidir a cheilt?
    Grá, tart agus tochas.

    Cad iad na trí nithe nách féidir a fhoghlaim?
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chríodain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Drom an Ailigh, Co. Chorcaí