Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Béaloideas”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Béaloideas (ar lean)

    Neithe nár cheart iontaoibh a bheith asta:

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Guth, féile agus filíocht.
    Cad iad na trí nithe nách aon chabhair bheith ag gabháil dóibh?
    Bheith ag adú tine ar loch,
    Bheith ag caitheamh cloch le cuan,
    Bheith ag gabháil de ribe ar iarann fhuar.
    Ciocu is sia a théann teas nó fuacht?
    Comhfhaid a théann teas agus fuacht,
    Comhfhaid a théann fuath agus grá,
    Ach nuair thigeann éad ar a’ mnaoi
    Fanann sé uirthi go brách.
    Seanfhocal.
    Ní luaithe ar an ngaoith ná ar intinn mná.
    Tairngreacht Cholam Cille.
    An chéad aon :- Mo léan Loch Léin gan daingean ar bith.
    An tarna haon :- Ní bheidh éinne i nDúiche Ealla dem shliocht.
    An tríú haon :- Is claon agus is cleasach é a gcoir.
    An ceathrú haon :- Is baol don eaglais ansan.
    An cúigiú haon :- Is daor a bheidh talamh acu.
    An séú haon :- Gur tréith a bheidh Gearaltaigh.
    An seachtú haon :- Gur tréith a bheidh mairbh ar muir.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Chríodain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Drom an Ailigh, Co. Chorcaí