Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Peigí D. Ní Loingsigh, Ladhar na Gaoithe. Aois – Dhá bhliain déag
20-1-’38
Béaloideas – Scéal
Bhí bean ’na cónaí sa Leaca Bán fadó gurbh ainm di Síle Ní Mhuimhneacháin. Gach maidean nuair a théadh sí go seomra an bhainne bhíodh na piceanna bainne doirtithe ar fuaid an urláir roimpi agus do bhíodh ionadh a croí uirthi. Lá amháin tháinig bean feasa isteach chúithi agus d’fhiafraigh sí di an mbíodh a cuid bainne doirtithe roimpi gach maidean agus duairt Síle go mbíodh. Duairt an bhean feasa léi gurb é cúis é sin mar ná bíodh aon fhíoruisce istigh aici aon oíche agus dá mbeadh, agus an tinteán glan aici, ná beadh an bainne doirtithe. As san amach bhí an fíoruisce istigh aici agus an tinteán glan agus níor doirteadh an bainne uirthi as san amach.- Bailitheoir
- Peigí D. Ní Loingsigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí