School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Location:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Teacher:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 062

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0338, Page 062

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Page 062
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Nós a bhíodh fadó ann do beadh bheith ag caoineadh ós cionn an té bhíodh fé chlár, pé 'cu fear nó bean, garsún nó gearrachaile a bheadh marbh. Ba chuma ciacu i mbláth a óige nó na sheana chlíodhna caithte do'n chorp déanfaí an caoineadh air ón neómat a sínfí amach ar an gclár nó ar an raca é de ló is d’oidhche, go dtí go síntí síos sa chré é, fé cheann trí lá is dhá oidhche.
    I na ghreasaibh a deintí an gol nó an caoine, tímcheall deich neomat i ngach greas acu agus bhéarsaí caointe dá ngabháil go h-uaigneach, ceolmhar leis an gcaoineadh ag na mnáibh caointe.
    Chomh luath agus a thiocfadh aon duine muinnteardha nó gaolmhar don té bhíodh fé chlár isteach go tigh an tórraimh ghoilfeadh sé (nó sí) a ghreas caointe ós cionn an chuirp agus d’eirigheadh na mná caointe a bhíodh cois na teine chun cabhruighthe leis (nó leí) go gcaoinfeadh sé a chara agus go gcuirfeadh sé a thocht de. Is minic a bheadh seisear ag gabháil don chaoine i n-éinfheacht agus iad ag greadadh a mbas agus ag crothadh a gceann agus ag cur bhéarsaí brónacha asta mar seo:-
    “Mo ghrádh thú, ’s mo chroidhe im’ lár thú
    Agus mo cumha fé chlár thú!
    A's ní indiú ná i mbáiareach
    Ná ar feadh seacht lá dhom,
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Chríodáin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Drom an Ailigh, Co. Chorcaí