Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- XML Leathanach 094
- XML “Seo Piseoga a Deintí Lá Bealtaine Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Seo piseóga a deintí Lá Bealtaine fadó. Bhí sagart i mBéal Átha an Ghaorthaidh fadó. An t-Athair Ó Loinsig a b’ainim dó. Fear iongantach maith do beadh é agus na theannta sin bhí sé ana naomhtha.
Lá amháin agus é ag dul go stáisiún go ghlaoidh sé isteach go dtí tig feirmeóra. Ní raibh aoinne istig roimis agus shuidh sé síos i n-aice na teine ag feitheamh cun go dtiocfadh bhean a’ tighe isteach. I gceann tamaill tháinig bean comharsanach isteach agus dubhairt sí go raibh a teine múcta agus gur theastuig smóilín uaithe.
Thóg sí an smóilín agus amach an doras leí. Thug an sagart fé ndearra rud éigin agus thóg seisean smóilín as an dteine leis agus chuir sé isteach i mbuicéad uisge é a bhí i n-aice an dorais.
Le na linn sin tháinig an bhean isteach arís agus dúbhairt sí go raibh an smóilín mhúcta agus thóg sí ceann eile leí. Annsan thóg an sagart ceann eile as an dteine agus chuir sé isteach sa bhuicéad arís é. San ám ceadna do mhúc smóilín na mná arís agus thuig sí go raibh rud(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Cheallacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí