Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 050

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 050

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 050
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí beirt fhear thíos i bpríosún i gCorcaigh fadó. Bhiodar daortha chun a gcrochta. Ón dúthaigh seo a beadh duine aca agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag guidhe chun Naomh Gobnatan é do shaoradh. An paidir seo a bhíodh ghá rádh aige.

    “A Ghobnait mhúinte,
    Ó Bhaile Mhuirne,
    Tar-se chugham-se"
    Led chabhair is led chongnamh.

    Bhíodh an fear eile ag magadh fé agus nuair airfheadh sé an phaidir a rádh aige deireadh sé.
    “Beidh sí id chúram”
    An oidhhe dheirneach Dosgaladh an dorus agus tháinig an bhean uasal isteach cúca. Do bhagair sí ar fhear Beal-ata-an-Gaorthaidh teacht léi. Nuair a chonnaic an fear eile iad ag imtheacht do chaith sé é féin ar a ghlúinibh agus dubhairt sé.
    “A Ghobnait mhúinte” srl
    Diompaigh Gobnait siar air agus dubhairt sí an chaint a deireadh sé féin,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chróinín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí