Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 177

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 177

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 177
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máire Ní Shé. Iúil 25ú 1938. Béal Átha an Ghaorthaidh
    Béaloideas – Scéal
    Ní théadh na seandaoine a chodladh riamh gan báisín uisce a fhágaint ar an driosúr. Deiridís go dtagadh na púcaí isteach gach oíche nuair a bhídís ’na gcodladh.
    Bhí fear i gCill na Martra agus deirtí go mbíodh sé in éineacht leis na púcaí i gcónaí. Do bhuail sé uim fear tí éigin i Maigh Chromtha agus duairt sé leis;- “Is mór an náire dhuit féin is dod bhean ná raibh braon fíoruisce sa tigh agaibh aréir agus ní raibh báisín slán sa driosúr.” “Conas atá a fhios agatsa é?” arsa fear a’ tí. “Bhíos féin agus na púcaí ann aréir,” ar seisean.
    Nuair a chuaigh an fear abhaile chuaigh sé fé dhéin an driosúra agus chaith sé amach gach báisín a bhí sa driosúr. D’fhiafraigh a bhean de cad a bhí air agus d’innis sé di. Chuadar go Maigh Chromtha lá arna mháireach agus cheannaíodar árthaí nua.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Sheaghdha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí