School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Máire Ní Shé. Iúil 25ú 1938. Béal Átha an Ghaorthaidh
Béaloideas – Scéal
Ní théadh na seandaoine a chodladh riamh gan báisín uisce a fhágaint ar an driosúr. Deiridís go dtagadh na púcaí isteach gach oíche nuair a bhídís ’na gcodladh.
Bhí fear i gCill na Martra agus deirtí go mbíodh sé in éineacht leis na púcaí i gcónaí. Do bhuail sé uim fear tí éigin i Maigh Chromtha agus duairt sé leis;- “Is mór an náire dhuit féin is dod bhean ná raibh braon fíoruisce sa tigh agaibh aréir agus ní raibh báisín slán sa driosúr.” “Conas atá a fhios agatsa é?” arsa fear a’ tí. “Bhíos féin agus na púcaí ann aréir,” ar seisean.
Nuair a chuaigh an fear abhaile chuaigh sé fé dhéin an driosúra agus chaith sé amach gach báisín a bhí sa driosúr. D’fhiafraigh a bhean de cad a bhí air agus d’innis sé di. Chuadar go Maigh Chromtha lá arna mháireach agus cheannaíodar árthaí nua.- Collector
- Máire Ní Sheaghdha
- Gender
- Female
- Address
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork