Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 195

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 195

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 195
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fadó bhíodh na franncaig ag dul ó áit go h-áit na sluaghtaibh. Lá amháin bhíodar ag deanamh isteach ar Bhaile Mhúirne agus dubhairt franncach críona do bhí orta leis an gcuid eile:-
    "Gabhaidh go múinte tre Bhaile Mhúirne,
    Mar tá droch criú ann mar a cloisim,
    Is ró bheag an cúis íarfaidís chúghaibh-se
    Nuair a ruagfaidís sibh leis na clocaibh.
    Nuair a bhí tréimhse caithte aca i mBaile Mhúirne bhíodar ag cuineamh ar dhul síar go dtí Cúil Aodh acht do labhair an franncac críona arís agus dubhairt sé.
    "Ní raghaimíd mar greadadh teine gan bhíadh a bhíonn in iarthar Bhaile Mhúirne."
    Annsan bhíodar cun dul ó thuaidh go dtí Gleann Fleisge acht dubhairt an seana franncach arís,
    "Gleann Fleisge na gcrann, ball gann, gorta dá mbeithfeá ann go Samhain bheithfeá an t-am san ag trosga," acht cuadhar soir go Magcromtha an áit na cruithneacht agus coirce agus bíadh go leór le fágáil. aca.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí D. Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Ladhar na Gaoithe, Co. Chorcaí