Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 175

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 175

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 175
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Seanfhocal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Peigí Ní Chéilleachair, Cathair na Catha. Aois - Aon bhliain déag
    21-7-’38
    Scéal
    Do bhí préachán ’na cónaí i gcoill uair agus trí cinn de ghearrcaigh aici. Lá dá raibh sí ag dul amach as an gcoill ag lorg rud le n-ithe bhuail cat fiain léi. “Cá bhfuilir ag dul,” arsa an préachán leis.” “Táim ag dul ag lorg rud éigin le nithe,” ar seisean. “Ná hith mo ghearrcaighse más é do thoil é,” ar sise. “Conas a aithneod iad,” arsa an cat fiain. “Ó, is fuirist iad a aithint,” arsa an préachán –
    “is iad na gearrcaigh is deise agus is gile sa choill go léir iad.”
    Nuair a tháinig an préachán abhaile fuair sí cleití a cuid gearrcaigh. Do bhí a fhios aici cé a mhairbh iad. Siúd léi go dtí an cat. “Do mharaís mo ghearrcaigh bheaga gheala,” ar sise. “Níor mharaíos-sa ach gearrcaigh dhubha,” ar seisean. “B’iad siúd mo ghearrcaigh bheaga gheala-sa,” arsa an préachán.
    Seanfhocal:- Is geal leis an bhfiach dubh a ghearcaigh féin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.