Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 104

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 104

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 104
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill bocht ag dul as baile síos go íochtar na hÉireann mar a raibh uncail do. Ní raibh aon traein ag rith an uair sin agus ní lú ná bhí aon rothair ann.
    Dá bhrí sin, b’éigean do é shiúl ’na chois ó lá go lá, agus bhain sé seacht lá na seachtaine dhe dul go tigh a uncail. Nuair a thagadh an doircheacht air i gcónaí do stadadh sé i gcomhair na hoíche in aon tigh feirmeora go bhfaigheadh sé lóistín ann.
    Bhí duine muinteartha eile don bhuachaill ’na chónaí timpeall leath slí síos i lár na hÉireann agus thug sé cuaird air sin leis agus d’fhan ’na theannta oíche des na hoícheantaibh. Chuir an duine muinteartha so míle fáilte roimh an mbuachaill agus thug gach cóir bídh agus dí agus ionad maith le luí do an oíche sin. Ar maidin amáireach a bhí chúthu d’ullmhaíodh fiafheoil rósta mar shólas i gcomhair an bhóthair don bhuachaill. Cuireadh pláta mór feola ós a
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. táirgí
      1. táirgí bia (~3,601)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Sheitheacháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí