Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 088

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 088

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 088
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Maire Tóibín, Ínse an Fhosaidh. Aois – Dhá bhliain déag
    22-2-’38
    Béaloideas – Scéal

    Do thagadh na daoine a bhíodh i bhfad ón séipéal fadó chun faoistine go tigh an tsagairt. Chaithfidís go léir dul isteach sa chistin agus bhíodh an sagart ag éisteacht sa pharlús. Do bhí Eoghan Rua ag dul go faoistin lá agus d’fhan sé go raibh gach éinne eile imithe.
    Nuair a bhí sé ag dul tríd an gcistin thóg sé píosa bagúin don lochta agus sháigh sé isteach féna chasóig é agus chuaigh sé isteach go dtí an sagart.
    “’Athair,” ar seisean, “do ghoideas é seo agus tabharfad duitse anois é.” “Ó ná dein,” arsa an sagart, “tabhair don té gur leis é.” “Do thairgeas do é is ní thógfadh sé uaim é,” arsa Eoghan. “Coimeád é mar sin,” arsa an sagart. Chuaigh Eoghan abhaile agus bhí dínnéar maith aige.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. scéalta grinn (~6,086)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Tóibín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    12
    Seoladh
    Inse an Osaidh, Co. Chorcaí