Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 133

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 133

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 133
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear ann fadó agus ’sé an ainm a bhí air ná Seán Córach. Bhí sé ’na chónaí lena mháthair i dtigh beag deas cluthar agus bhíodar go lántsásta agus a ndóthain le n-ól agus le n-ithe acu.
    Is é an sórt suipéir a bhíodh acu gach oíche ná leite mine buí. Nuair a bhíodh sí beirithe do thógadh an mháthair a cuid féin amach i méis agus d’fhágadh sí cuid Sheáin sa chorcán agus do chaitheadh sí taoscán bainne isteach ann. D’itheadh Seán go meidhreach sásta mar sin í agus ní bheadh aon mheas ar aon chor aige uirthi muna bhfaigheadh sé as an gcorcán í. Duairt a mháthair leis aon lá amháin:- “A Sheáin, a stóraigh, táim ag smaoineamh le tamall go bhfuil sé in am duit bheith ag cuimhneamh ar phósadh agus bean óg éigin d’fháil duit féin, mar tá ’fhios agat go bhfuilimse ag dul i gcríonnacht agus ná féadfad maireachtaint i bhfad eile agus mo lánsaol d’fháil, mar ní bheidh compord agat go dtí go mbeidh bean éigin agat a dhéanfaidh gnó a’ tí duit.”
    Geallaimse dhuit ná raibh aon leisce ar Sheán an chomhairle sin do ghlacadh óna mháthair mar bhí fonn pósta air féin le
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Maighréad Ní Chróinín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Carraig na Damhaire, Co. Chorcaí