Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Bhí an crochaire gaid láithreach leis, agus lánullamh ar an mbreith do chur i ngníomh. D’fhéach an garsún in airde in sna flaithis agus duairt sé paidir nó rud éigin féna fhiaclaibh, ach in ionad tocht goil a theacht air ag gáirí a bhí sé.
D’fhiafraigh an rí den gharsún leis sin, cad chuige na gáirí a bheith in inead an ghoil air, agus é daortha chun na croiche. “Á”, arsa an garsún, “bíonn súil ag páistí le cion óna n-athair agus óna máthair; bíonn súil le sásamh as an ndíobháil ón mbreithiúin acu agus bíonn súil leis, acu le cóir is ceart d’fháil ón rí. Ina inead san is amhlaidh atáimse díolta ar shaibhreas shaolta ag m’athair is ag mo mháthair. Táim daortha chun na croiche ag an mbreithiúin ar neamhchúis, agus is amhlaidh atá súil le sláinte ag an rí óm chrochadh san éagóir. Dá bhrí sin ní díon dom éinne ach Dia in airde. Cé leis go ngearánfad mo chás? Cé uaidh go bhfaighead sásamh? Ní thabharfairse ceart ná cóir ná cothrom dom.”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Peigí Ní Sheitheacháin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Cathair na Cáithe, Co. Chorcaí