Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)againn anois,” ar seisean, “ach dul ad iarraidh déirce.” “Is dócha,” ar sise, “go bhfuil sé chomh maith againn.”
Fuaireadar iad féin ullamh i gcomhair an bhóthair agus duairt Caitlín le Dónall:- “Tá sé chomh maith agatsa dul ó thigh go tigh ag lorg déirce agus baileodsa rudaí a theastóidh uainn agus coimeádfad suas leat,” ar sise. “Alright,” ar seisean, “ach b’fhéidir go dtiocfaimís thar n-ais anso arís agus tarraig an doras amach id dhiaidh nuair a bheir ag imeacht.”
D’imigh Dónall leis agus do chuaigh sé isteach i dtigh ach nuair a tháinig sé amach ní raibh aon radharc ar Chaitlín. Chuaigh sé isteach i dtigh eile ach ní raibh Caitlín ag teacht nuair a tháinig sé amach agus do chomáin sé leis.
Tar éis tamaill d’airigh sé fothrom ’na dhiaidh; d’féach sé agus cé bheadh ann ach Caitlín agus í ag tarrac an dorais ’na diaidh.
“Mhuise, greadadh chút,” ar seisean. “Cad a dhéanfad leis anois?” ar sise. “Tá sé chomh maith agat é a thabhairt leat anois,” ar seisean, “agus tá coill taobh thoir dínn agus bfhéidir go gcodlóimís ann anocht.”(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Shuibhne
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 11
- Seoladh
- An Tuairín Dubh, Co. Chorcaí