School: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Location:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Teacher: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)againn anois,” ar seisean, “ach dul ad iarraidh déirce.” “Is dócha,” ar sise, “go bhfuil sé chomh maith againn.”
Fuaireadar iad féin ullamh i gcomhair an bhóthair agus duairt Caitlín le Dónall:- “Tá sé chomh maith agatsa dul ó thigh go tigh ag lorg déirce agus baileodsa rudaí a theastóidh uainn agus coimeádfad suas leat,” ar sise. “Alright,” ar seisean, “ach b’fhéidir go dtiocfaimís thar n-ais anso arís agus tarraig an doras amach id dhiaidh nuair a bheir ag imeacht.”
D’imigh Dónall leis agus do chuaigh sé isteach i dtigh ach nuair a tháinig sé amach ní raibh aon radharc ar Chaitlín. Chuaigh sé isteach i dtigh eile ach ní raibh Caitlín ag teacht nuair a tháinig sé amach agus do chomáin sé leis.
Tar éis tamaill d’airigh sé fothrom ’na dhiaidh; d’féach sé agus cé bheadh ann ach Caitlín agus í ag tarrac an dorais ’na diaidh.
“Mhuise, greadadh chút,” ar seisean. “Cad a dhéanfad leis anois?” ar sise. “Tá sé chomh maith agat é a thabhairt leat anois,” ar seisean, “agus tá coill taobh thoir dínn agus bfhéidir go gcodlóimís ann anocht.”(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Shuibhne
- Gender
- Female
- Age
- 11
- Address
- An Tuairín Dubh, Co. Cork