School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Page 15_002
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann fadó agus sé'n t-ainm a bhí air "Amadán Canteberry agus bhí a athair ag dul a' pósadh.”
(continued from previous page)baint deoch as agus d'imtigh an portar ar fud an tighe air. "O" deir sé "tá an t-urlar fliuch báidhte orm" Ní'l fhios agam beirthe na beo céard a dheanas mé agus marbhochaidh m'athair mé nuair a thiocfas sé. Bhí mála plúir istigh san gcómhra agus thug sé amach é agus craith sé ar an urlár é ghá thriomadh. Ní raibh aon cheo le h-agaidh na bainse aige annsin. Ní raibh aon gé aige le cur síos ins an bpota acht gé a bhí ar gor ar na h-uibheacaí acht chuir sé síos ins an bpota le na h-aghaidh aríst. Chuaidh sé suas ag breatnú ar na h-uibheachaí go bhfeicfheadh sé a raibh siad fuar. Ní raibh aon ghé annsin aige a chuirfeadh sé ar gor ar na h-uibheachaí acht bydad bhain sé dó annsin agus chuaidh sé fhéin ar gor ar na h-uibheachai. D'fhan sé annsin no gur tháinic an t-athair isteach. "Cá bhfuil tú a Sheáin" deir sé. Tá mé annseo(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Iarnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Peadar Mac Artúir
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Na Foraí Maola Thoir, Co. Galway