School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Page 15_001
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Scéal (continued)
“Bhí fear ann fadó agus sé'n t-ainm a bhí air "Amadán Canteberry agus bhí a athair ag dul a' pósadh.”
(continued from previous page)Bhí fear ann fadó agus sé'n t-ainm a bhí air "Amadán Canteberry agus bhí a athair ag dul a' pósadh. La na bainse chuaidh siad ghá bposadh agus d'fhan an t-amadán istigh ag cumhdach an tighe agus ag feistiú an deinéir.
Mharbhuigh sé gé agus chuir sé síos ins an bpota í. Nuair a bhí an ghé bruidhte aige. bhí sé ag siubhal thart ar fud an urlair ag súil le lucht na bainse acht níor airigh sé aon duine ag teacht. "Well mo chrádh is mo mhilleadh dhom iosfaidh mé ceatrú de'n ghé. Nuair a bhí an cheathrú ithte aige deir sé. "Well mo chrádh is mo mhilleadh dhom iosfaidh mé an ceathrú eile". Nuair a bhí an dá ceathrú ithte aige deir sé. "Well mo chrádh is mo mhilleadh dhom iosfaidh mé ar fad í." D'ith sé i. Bhuail tart annsin é agus bhí leath-bhairrle portáir tuas ins an seomra agus chuaidh sé ag(continues on next page)- Collector
- Bríghid Ní Iarnáin
- Gender
- Female
- Informant
- Peadar Mac Artúir
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Na Foraí Maola Thoir, Co. Galway