Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tamall. Do phós Seán cailín deas triopallach go raibh súil aige uirthi le tamall. Duairt mháthair Sheáin go n-imeodh sí go tigh a deirféar, a bhí ’na cónaí in aice léi agus go bhfágfadh sí é ar feadh cúpla seachtain.
Bhí Seán go meidhreach an lá tar éis a phósta. Nuair a tháinig am suipéir do chuir a bhean leite síos agus nuair a bhí sí beirithe do lig sí amach ar dhá mhéis í agus thug sí cupán breá leamhnachta do Sheán lena chuid féin. Do tháinig dath gorm ar Sheán bocht nuair ná fuair sé an corcán le scríobadh óna mhnaoi mar a fuair sé óna mháthair féin é.
D’ith sé cúpla greim don leite agus ansan d’eirigh sé ón mbord go míchéadfach neamhshásta. Do shuigh sé i gcúinne go dubhach gan oiread is focal a labhairt. Do dhein an bhean óg a dícheall chun an tormais a bhaint de ach do chaith sí éirí as. Do bhí san ag briseadh a croí, ag iarraidh cuimhneamh ar dhein sí aon ní a chuir pus ar Sheáin, ach dá mbeadh sí ag cuimhneamh go deo ní bheadh pioc dá bharr aici.
Nuair a theip ar a mhnaoi gáire a bhaint as d’imigh sí go tigh a mháthar agus d’innis sí an scéal brónach tríd síos di. “Eist go fóill agus bíodh stuaim agat,” arsa an mháthair. “Cad a thugais(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Chróinín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Carraig na Damhaire, Co. Cork