School: Dubhghlas (C.)

Location:
Douglas, Co. Kerry
Teacher:
Eibhlín, Bean de Róiste
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 328

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 328

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhghlas (C.)
  2. XML Page 328
  3. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (no title)

    Do chomhnuig beirt bhan iLeathFhearann fado d'árb ainm Eibhlín ní Ghríobhtha.

    1. Ainm an duine a bhfuaras an t-eolas uaidh: Séan P. Ó Duigín.
    2. A Sheoladh: Slinn, Cill Orglan, Ciarraidhe.
    3. A Aois: - 86 bl.
    Do chomhnuig beirt bhan i Leath-Fhearann fadó d'árbh ainm Eibhlín ní Gríobhtha agus Siobhán bheag (bí sin a máthair). Bhíodar ag cur cearc ar gor i gcomhnuidhe, agus coilligh a thagadh amach as na h-uibhe.
    Lá amháin bhíodar in-aice na teine, agus cheithre uibhe déag acu chun iad do chur ar gor, agus sar a gcuirfeadh siad gach ubh isteach sa bhosca chuiridís crois uirthi le smiaróid teine. Tháinig duine bocht isteach chúcha lá, agus d'iarr sé ortha cad a bhí ar siubhal acu, agus d'innseadar an sgéal do. "Á, a mhná gan chéill, cad tá ghá dhéanamh agaibh? ar seisean.
    "Tabhair dom na h-uibhe, agus cuirfead ar gor iad. Teasbáin dom an chearc" ar seisean. Do thaisbeánadar do í. "Dubhairt sé leo cheithre uibhe eile do chur fúithí. Chuireadar na cheithre cinn eile isteach sa bhosca agaus bhí ocht n-uibhe déag fé'n gcirc annsan. Dubhairt sé leo an chearc do chur in áit eile go dtí go socróchadh sé féin na h-uibhe. Dheineadar amhlaidh. Dubhairt sé leo féin a shúile do dhúnadh agus dheineadar san.
    Bhí a mhála féin in aice leis agus an bosca n-a raibh na h-uibhe comhgarach do chomh maith. In-ionad na h-uibhe do chur fé'n gcirc is amhlaidh a chuir sé isteach n-a mhála féin iad, agus seo mar a deireadh sé nuair a bhíodh sé ag cur gach ubh isteach:-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Gobnait Ní Dhuigín
    Gender
    Female
    Informant
    Seán P. Ó Duigín
    Gender
    Male
    Age
    86
    Address
    Killorglin, Co. Kerry