Ainm an duine a bhfuaras an t-eolas uaidh;
Máire Ní Choisteabhla;
A Aois; 32 A seóladh; Leath-fhearthain, Cill Orglan
Oidhche Chinn Bliadhna
Do gheibheadh bean a tighe cúpla cístí agus nuair a bhíodh sé tímceall an mheadhon oidhche caitheadh sí i gcoinnibh an dorais iad chun an
t-ochras do choimeád amach ar feadh na bliana a bhí le teacht.
D’fhanadh na daoine ag faire ar an treó a shéadfeadh an ghaoth an oidhche sin.
Má’s rud é go dtiocfadh sí ón taobh thiar beidh an blian atá ag teacht leis na Caitilicig agus a mhalairt de’n sgéal dá shéidfadh sí ón dtaobh thoir. Bíodh mór áthas ar na Caitilicige nuair a bhuaidhidís, luirigidís (luinigidís?) agus sgreadidís agus léimidís le h-áthas ní ná’ch iongadh san.
Máirín Ní Dhuigín,
Leath-fhearthain
Cill Orglan,
Ciarraidhe,