Scoil: Dubhghlas (C.)

Suíomh:
An Dúghlaise, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Eibhlín, Bean de Róiste

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Leigheasanna - Tinneas Cinn

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0435, Leathanach 369

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

1.Ainm an duine a bhfuaras an t-éolas uaidh:- Seamus Ó Conncubhair
2. A Aois:-66 A Sheoladh:- Rín, Cill Orglan, Ciaraidhe

Leighiseanna
Tinneas Cinn
1. Croch bhinghre ar chéirsiúr agus ceangal mór timcheall ar éadán é. Nuair a triomaigheann an céirsúir le teas na h'éadain, croch a thuille bhingre air.
2. Faigh píosa éadaig bán cuir an croicean atá taobh istigh de sliogán uibhe air agus fill a éadach i leath, ceangal tímceall ar éadain é agus coimeád go daingean é.
3. Dein cupán tae lag agus ól ar fhaid is atá sé te.
4. Coimeád do cheann in aice na teine go ceann tamaill.
5. Luigh siar ar chathaoir agus ná bí ag ciumhneamh ar an nidh. Fan mar sin i ceann tamaill agus imteócaidh an pian uait.
6. Sé an rud is fearr i gcóir tinneas cinn ná dul amach fe'n aer go dtí go mbeidh sé imhighthe.
7. Faigh píosa éadaigh agus ceangal mór dtímcheall t-eadainn é.
8. Faigh uisce fear agus tubháille agus

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Gobnait Ní Chonncubhair
Inscne
baineann
Seoladh
Reen, Co. Chiarraí
Faisnéiseoir
Seamus Ó Conncubhair
Inscne
fireann
Aois
66
Seoladh
Reen, Co. Chiarraí
Teanga
Gaeilge