Scoil: Dubhghlas (C.)
- Suíomh:
- An Dúghlaise, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Eibhlín, Bean de Róiste
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Dubhghlas (C.)
- XML Leathanach 304
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Sí Tullach mo bhaile fearann. Ní'l sé ach tímcheall dhá mhíle ó Chill Orglan.”
Sí Tullach mo bhaile fearann. Níl sé ach timpeall dhá mhíle ó Chill Orglan. Sé an brí atá le Tullach ná cnoc beag. Deir na sean-daoine go raibh cnoc ann in áit éigin fadó.Ins an bhfeirm atá in aice linn tá sliabh agus glaodhtar Cnocán a' Rae agus deir na daoine is aosta san áit go bhfuil uaigh ann, agus go raibh cloch cinn 'na sheasamh ann ar feadh tamaill. San am a bhí troid ar siubhal do tharla na rudaí san.Na daoine a bhíodh ag dul go Baile 'n Mhuilinn go moch ar maidin le móin do dhíol, chídis cat mór dubh i gcoill Tullaighe agus uaireanta bíodh sé 'na shuí ar an bhfalla.Tá áit eile in aice le Droichead Tullaighe agus glaodhtar Droichead na gCloc air. Deirtear go mbíodh bean sidhe ag gol(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní hEachtegeirn
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Siobhán Ní Chorcardha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 70
- Gairm bheatha
- Bean feirmeora (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- An Tulaigh Mhór, Co. Chiarraí