School: Dubhghlas (C.)
- Location:
- Douglas, Co. Kerry
- Teacher: Eibhlín, Bean de Róiste

Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0435, Page 350
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dubhghlas (C.)
- XML Page 350
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Aimsear na h-Inide a tugtar ar an aimsear ó lá Nodlag beag go dtí Máirt na h-Inide. Pósann a lán daoine i rith na h-aimsire seo agus go mór mhór Máirt na h-Inide. Ins an t-sean aimsear bhíodh cuid mhaith cleamhnastí, agus cóistí ar siubhal agus do bhíodh na sean daoine an-gnóthach ag déanamh na cleamhnaistí. Nuair a bhíonn buachaill agus cailín oireamhnach agus toilteanach chun pósadh deintear cleamhnas dóibh. Ar dtúis téigheann tuismightheóir an bhuachalla agus beirt nó triúr eile go dtí tig an chailín chun cleamhnas a dhéanamh.
Tógann siad uisce beatha leó de gnáth agus annsan tosnuigheann siad ag ite agus ag ól agus ag déanamh an chleamhnais. Bíonn duine nó beirt ó thaobh an chailín ann chómh maith agus iad i bhfochair a chéile. Tosnuigheann siad ag moladh na beirte(continues on next page)- Collector
- Gobnait Ní Chonnchubhair
- Gender
- Female
- Address
- Reen, Co. Kerry
- Informant
- Seamus Ó Conncubhair
- Gender
- Male
- Age
- 66
- Address
- Reen, Co. Kerry