Eolas:
Seán P. Ó Duígín.
Slínn,
Cill Orglan,
Cíarraidhe.
CEADAOIN an LUAITHRIDH.
Fadó níor chuireadh na daoine bainne ar an dtae. Níor ith na daoine ím ná uibheacha Ceadaoin an Luaithridh. Thugaidís "trochad dubh" ar an lá seo. Aonne go raibh chreideamh maith aige théighead sé cun aifreann. Bhíodh na daoine i bhfad níos críostamhla fadó ná mar atá siad anois. Níor thógaidís a mbrechfast fadó go dtí a dó dhéág a chlog. Seo sean-fochail "Ceadaoin an Luaithridh bhainfaí na cluasa do'n té a íosfadh feóil."
Gobnait Ní Dhuigín,
Slínn,
Cill-Orglan,
Cíarraidhe.