Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 193

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 193

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 193
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máire Ní Liatháin, Goirtín Fliuch. Aois - Trí bliana déag
    9-9-’38
    Béaloideas – Scéal
    Bhí fear ann fadó gurb ainm do Dónall Ó Murchú. Do bhíodh sé ag tuilleamh a pháigh ós na feirmeoirí. Duine ana-bhocht, scanraithe dob ea é. D’iarr fear punt ar cairde air ar feadh tamaill agus do fuair.
    Lá dá raibh Dónall ag baint phrátaí ag Diarmaid Ó Laoire, Doire na Buairce, do ghaibh an fear chuige ar maidin agus é ag baint na bprátaí agus do thug sé do sabharn. “Airiú,” ar seisean “níl aon phóca agam a choimeádfadh é.” Do rug sé ar phráta agus do rop sé isteach tríd é agus do chuir sé in airde ar an gclaí é.
    Amach sa lá bhí sé ag barra na páirce. Do tháinig na préacháin isteach sa pháirc agus do thóg ceann acu leis an práta go raibh an sabharn istigh ann. Do scanraigh an fear agus do liúigh sé agus níor stop an préachán go dtí gur tháinig sé anuas go dtí an Choill Mhór agus b’é toil Dé é go raibh an sabharn [fós] istigh sa phráta.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. seanchas ainmhithe (~1,185)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Liatháin
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    An Goirtín Fliuch, Co. Chorcaí