Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
- Suíomh:
- Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Gobnait, Bean Uí Liatháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)sé don gharsún ach ceathrú na feola.
Bhí sé ar buile. “Imigh leat ó thuaidh arís,” ar seisean leis an ngarsún “agus abair lem dheartháir mo chuidse dos na nithe a thabhairt duit.” D’fhág an garsún an capall ’na dhiaidh an uair so agus do ghaibh sé an cóngar ó thuaidh. Do bhí leacacha móra san abhainn i dtreo go bhféadfadh daoine dul treasna na habhann gan a gcosa do fhliuchadh.
“Cad chuige go dtáinís aneas arís?” arsa Tadhg leis an ngarsún. D’innis an garsún do, ach duairt Tadhg leis ná raibh a thuilleadh le fáil aige. “Agus cad déarfad lem mháistir nuair a raghad abhaile?” arsa an garsún. “Abair leis an chaint seo,” arsa an feirmeoir:- “Tá tuile san abhainn agus is sleamhain iad na leacacha.” D’imigh an garsún abhaile agus nuair a airigh Dónall an chaint a dhein a dheartháir do chuir sé píosa eile leis agus dhein sé é mar seo:-
“Tá tuile san abhainn agus is sleamhain iad na leacacha,
Agus an áit mar a leagtar an crann is ann a fhanaid na slisneacha.”- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríordáin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- Na Curraithe, Co. Chorcaí