School: Scoil Mhuire, Na Forbacha (roll number 2386)
- Location:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Teacher: (name not given)
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Page 10_004
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)beannacht nó an cáca mór agus a mallacht. Dubhairt an cailín seo go mbfearr léithe an cáca beag agus a beannacht. Fuair sí an cáca beag agus dimthigh sí léithe ar an mbealach céadhna is dimthigh an bheirt eile. Nuair a tháinic sí go dtí an tobar, tháinic an mada beag aníos as, agus d'fhiafruigh se piosa cháca uirre. Thug an cailín seo leath an cháca dhó. Dimthigh an mada beag leis go sásta síos ins an tobar arís agus cho luath is bhí se thíos dathruigh se an t-uisce in a fhíon. Nuair a bhí a dóthain ithte agus ólta aice, dimthigh sí léithe go sásta ar thóir oibre. Casadh isteach ag an mbean céadhna í is casadh an bheirt eile. Dubhairt an bhean léithe bórán uisce a thabhairt isteach aice. Thug sí léithe an bóran agus chuir sí caonach ar an bpoll agus thug sí isteach an t-uisce aice. Choinigh an bhean ag obair dhi í, go ndeárna sí a saibhreas aice, agus bhí an t-ádh uirre uaidh sin amach mar fuair sí beannacht a máthar ag imtheacht di.
- Collector
- Cáit Ní Dhroighneáin
- Gender
- Female
- Informant
- Siubhán Ní Dhroighneáin
- Gender
- Female
- Age
- 50
- Address
- Coisméig Mór, Co. Galway