Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha (uimhir rolla 2386)
- Suíomh:
- Na Forbacha, Co. Galway
- Múinteoir: (name not given)
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Mhuire, Na Forbacha
- XML Leathanach 08_029
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí Sasanach ann fado agus bhí trí pighne aige. Chas Éireannach dhó ar a bhealach. D'fiafhruigh an Sasanach dhó a raibh aon airgead aige. Dubhairt an t-Éireannach nach raibh. Ba ghearr gur casadh Albanach leo. Ní raibh aon phighin ag an Albanach acht an oiread. Dubhairt an Sasanach leo go raibh trí pighne aige féin, agus nach raibh fhios aige céard a dhéanfadh sé leis. Dubhairt an t-Éireannach leis pionnta fuisge a cheannacht agus go n-déanfadh sé breágh láidir misneamhail an triúr aca. Ná déan a dubhairt an t-Albanach acht ceannuigh máilín beag min choirce agus beidh béiligh breágh againn air. Ní déanfadh a dubhairt an Sasanach acht ceannúigh mé ceathramhadh builín agus an té is iongantaí a bheas brionglóid aige eisean a iosfas an builín.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Máire Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Bairbre Ní Churraidhín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Seoladh
- Na Forbacha, Co. Galway