Máire Ní Shuibhne, Túirín Dubh. Aois – Dhá bhliain déag
27-5-’38
Béaloideas
Chuaigh fear isteach chun faoistine lá amháin agus d’fhiafraigh an sagart de cad é an tslí bheatha a bhí aige. “Ó, ’Athair,” ar seisean, “Acrobat is ea mise.”
“Cad é an saghas ruda é sin?” ar seisean. “Taispeánfad duit é,” arsa an fear.
Do chuaigh sé amach ar an urlár ós comhair an bhosca. Do sheas sé ar a cheann agus do dhein sé mórán geáitsí eile.
Tar éis tamaill chuaigh cailín isteach chun faoistine go dtí an sagart céanna. “In ainm Dia, a athair,” ar sise, “ná cuir an pionós céanna orm a chuiris ar an bhfear ó chianaibh mar ní féidir liom seasamh ar mo cheann ar aon chor.”