Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 083

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 083

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 083
  3. XML “Caoineadh Dhiarmada Uí Ullacháin - Sagart Paróiste Uíbh Laoghaire”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Caoineadh Dhiarmada Uí Uallacháin, Sagart Paróiste Uíbh Laoghaire.
    D’éag an 6ú lá Bealtaine 1888
    I
    Is mór an brón do Pharóiste Uíbh Laoghaire
    Ár sagart breá, ró-mhaith, fónta, tréitheach,
    Do sciobadh ós ár gcomhair, dar ndóigh as a léirneart
    Agus céad faire go deo nár bhuaine é a shaol dúinn.
    II
    Dúinn is dubhach é a thurnadh lánlag,
    ’s is easnamh go dlúth é dá pharóisteánaigh;
    Is cúrsaí cumha é dá dhlúthchairde,
    Do thuill gradam is clú dhóibh siúd agus cáil mhaith.
    III
    Ba mhaith a cháil agus dob fhearr a thréithe,
    Go carthanúil, grámhar, lán de dhaonnacht,
    A chroí, geal, álainn ró-ard dhéarcach,
    ’s cá raibh sagart dob fhearr le fáil in Éirinn?
    IV
    Cé go bhféadfaí ’áireamh dís is caoga
    Sagairt a’ “Psalms” go breá le chéile air,
    Deirim neamhspleách, gan náire in aon chor,
    Ná raibh duine acu ab fhearr ná an sárfhear féinig.
    V
    Dob é an sárfhear córach mómharach néata é,
    ’na phearsa, ’na shnó ’s ’na mheon le chéile,
    ’na raibh luisne mar rós nó i gcomhdhath chaora
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge