Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha

Suíomh:
Béal Átha an Ghaorthaidh, Co. Cork
Múinteoir:
Gobnait, Bean Uí Liatháin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 079

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0338, Leathanach 079

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Béal Átha an Ghaorthaidh, Maghcromtha
  2. XML Leathanach 079
  3. XML “Béaloideas - Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá abha mhór i gContae Chorcaí agus tá poll ’na haice ar a dtugtar Poll na Caillí agus mar seo a fuair sé an ainm.
    Do bhí cailín ann agus bhí sí pósta. Firín gan bhrí a bhí mar chéile aici agus ní raghadh sé ag obair amach ins na páirceanna mar gach aon fhear eile agus chaith a bhean obair na feirme do dhéanamh.
    Mar sin féin dheineadh sé obair an tí go maith agus go slachtmhar, ach ní raibh a bhean sásta leis sin. Do chuimhnigh sí ar sheift. “A Shéamais,” ar sise leis lá, “tair liom agus raghaimíd treasna na habhann go Páirc na Sailí”. Do chuadar le chéile agus thugadar aghaidh ar an abhainn. Nuair a bhíodar i lár an átha thug sí cor coise dó agus thit sé isteach san abhainn ar mhullach a chinn agus bádh é.
    Tamall na dhiaidh sin bhí an bhean ag obair ar an bhfeirm i rith an lae agus nuair a tháinig sí abhaile
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Peigí Ní Loingsigh
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Na Curraithe, Co. Cork