Do bhí Seán Clárach ag gabháil an bhóthair maidin in aice Sráid a’ Mhuilinn.
Do chonaic sé garsún in airde ar chrann úll. “Maidin ghlas, a gharsúin,” arsa Seán. “Tá sé fuar,” arsa an garsún, “pé dath atá uirthi.” “’Bhfuil na húlla géar a gharsúin?” “Géaraimse iad agus ní ghéaraid said me.” “Cé leis tú?” “Le hEoghan Rua Dall Ó Súilleabháin is ea mé.” “An fada atá sé dall?” “Siar ó chúl a chinn.” “An ólfá dram?” “Níorbh fhearr liom an chearc a bhreith.” Do chuadar isteach go dtí an chéad tigh tábhairne a bhuail leo. Do bhí cailín deas istigh ann. Do bhí a fhios ag Seán Clárach go raibh filíocht ag an ngarsún agus d’iarr sé air véarsa a dhéanamh don chailín. “Téann an urraim don chríonnacht; tosnaigh féin ar dtúis,” arsa an garsún.
I
Seán- Cois abhainn teann tá
An cailce cam breágh cneasta módhail grách phéirleach
Leamhainn sciobtha bháin go fada fann t-slát.
Tslathach teann tslát néimhail
(continues on next page)