Peigí Ní Cheallacháin, Cathair na Cátha. Aois – Trí bliana déag
25-1-’38
Béaloideas
Naomh Gobnait - Baile Bhúirne
Gach féile dá dtagann, tagann na céadta ann chun an teampaillín reatha ós cionn an tSuláin ag guí chun na bhFlaitheas is chun Gobnait Naofa go bhfaighidís sos is faoiseamh ó thinneas a gcnámh,
“Naomh Gobnait, Pátrún Mhúscraí, guigh orainn.”
Paidir a deirtear do na mairbh:-
Gach ní dár dheineamar ó rugadh sinn riamh,
Mac Muire na nGrást a rá seo: “Maithim díbh iad.”
An Leanbh a crádh, atá ’na dhuine is ’na Dhia,
Ár seachaint go brách ar garda ó loscadh na bpian.