School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)toisc é bheith tógtha 'na talamh féin.Máighréad Ní Shéaghdha, Baile Móir, Dainghean.
Thug Pádraig Ó Séaghdha , Baile Móir, Dainghean, di é. - Ainimighthe Neamh-Shaoghalta.
Deirtear go mbíodh piast mór le feiscint i loc i mBaile an Lochaig. 'Sé an ainm a tá ar an loch ná loch Cráilí. Thagadh sé aníos as an uisge gach seachtmhadh mbliadhain agus d'íosfadh sé na ba agus na h-ainimighthe go léir a bhíodh tímcheall air. Thagadh Naomh Cíomháin na h-aon seacht mbliadhna cun an phiast a mharbhúghadh. An lá so tháinig Naomh Cíomháin. Bhí sé ag faire is ag faire féachaint cathain a thiocfadh an piast. Sa deire sháidh sé aníos a ceann. Do bhí corcán mór ag Naomh Cíomháin agus caith sé anuas ar ceann na péiste é. Dúbhairt sé go bhfágadh sé air a ceann é go Luan. Tháinig an Luan agus Luan eile agus Luan eile agus níor thóg Cíomháin an corcán. Sa deire labhair an piast agus dúbhairt sé:-(continues on next page)- Collector
- Máighréad Ní Shéaghdha
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Informant
- Pádraig Ó Séaghdha
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Mór, Co. Chiarraí