School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósadh
Tímcheall le deich mbliadhna is ceithre fichead ó shoin bhí fear i mBaile an Góilín dárbh ainm Seán Ó Ghairbhíghe. Dp phós sé bean dárbh ainm inghean Ní Churráin ó Bhaile an Bhonnaig. I mBaile an Góilín a bhí an pósadh. Do bhí leann agus biotáille ann fhlúirseach. Tímcheall a h-aon a clog tháinig mórán buachaillí tuíghe. Bhí an tig ana bheag agus bhí mórán des na daoine lasmuigh. Connaic na daoine sin ag teacht na buachaillí tuighe agus glaodhar ar na daoine a bhí istigh agus dúbhradar leó go raibh droch-fhuadar fútha. Ní fada go rabhadar le chéile agus is geárr go raibh an teiche curtha orthu. Nuair ba dhóigh leó go rabhadar imthighthe cuadar isteach agus is geárr go rabhadar ar fad ar meisge. Is geárr go dtáinig na buachiallí tuighe airís. Bhriseadar isteach an doras agus d'óladar an méid a bhí istig. Dó bhí bó ceangailte 'sa cúinne agus mharbhuigheadar í. D'imthigheadar abhaile annsan agus ní raibh fhios ag aoinne cé'r b'iad.(continues on next page)- Collector
- Seán Ó Cathasaig
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Informant
- Seán Ó Cathasaig
- Gender
- Male
- Address
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry