School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Kerry
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhliadhain sin ní caillfí puinn daoine tímcheall na h-áite seo.Mícheál Ó Fiannachta, Rinn bheag
Thug Seán Ó Fiannachta, Rinn bheag dom é. - Sgéal Grinn
Bhí seana-bhean i mBaile Móir fadó agus, gach oidhche, cómh luath agus a thiocfadh an doirceacht théigheadh sí go dtí an Dainghean ag triall ar phiúint leanna. Tugadh sí galúinínín stáin léithi chun é cur isteach ann. Oidhche amháin nuair a cuaidh sí an Dainghean cuaidh sí go dtí faoisdine sara bhfuair sí an phiúint.
Bhí an té a bhí sa taobh eile don bosca ana fhada ag déanamh a fhaoisdine. Ní fada nó go dtuit an tseana-bhean dá codhladh. Nuair a iompuig an sagart cúichi dhúisig sí de phreib. Bhí an galúinín stáin ina láimh i gcómhnaidhe aici. Nuair a dhúisig sí ceap sí gur sa tig óil a bhí sí. Chuir sí an galúinín anáirde ar an(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Gríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Uí Gríbhthín
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Kerry