School: Baile an Ghóilín (Scoil N. Finghín) (roll number 16892)
- Location:
- Baile an Ghóilín, Co. Chiarraí
- Teacher: Dll. Ó Loingsigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)sé raol amach sa bfhairrge agus do láimfeadh sé ina dhiaidh síos agus do bheir [?] sé ar an raol i dtóin poill agus do thúg sé leis aníos e. Do chuireadh sé leath chéad (56 lbs) thar soiléar mór le Pádraig Ó Dubháin ag ceann an ché sa Dainghean. Lá amháin bhí se ag teacht anuas an tsráid sa Dainghean agus bhí ana dheab [?] air. Connaic na póilíní é agus cheap adar gur ar meisge a bhí sé. Do dheineadar é thógaint. Bhíodar díre [?] á thabhairt isteach thar geata go dtí an Iúistí. Do dhein sé aon leim ar thar geata isteach i do thóg an dá phóilín inteach ina theannta. Dúbhairt an Iúistís (le heagla) pé rud a dhéanfadh na póilíní leis na beadh aon lámh aige féin air. Bhí eagla ar na póilíní anois leis agus sgaoileadar le Goodman. Tháinig sé abhaile an oidhche sin agus dhein muinntir a [?] teine cnámh do.
- Collector
- Máire Ní Fhiannachta
- Gender
- Female
- Address
- An Baile Mór, Co. Chiarraí
- Informant
- Eóghan Ó Fiannachta
- Gender
- Male
- Address
- An Baile Mór, Co. Chiarraí