School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 317
- XML “Sprideanna”
- XML “Leipreachán”
- XML “Sióga”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhí an fear tar éis bháis.
- Bhí fear ann fadó agus bhíodh sé i gcónaí ag faire ar leipreachán.
An oíche seo chonaic sé ceann agus é ina shuí ar an gclaidhe. Bhí sé ag deisiú bróg. Bheir an fear air agus leig an leipreachán liúigh as. Dúirt an fear leis cróca óir a thabhairt dó agus ná cuirfeadh sé isteach air go deo arís.
Thug an leipreachán cróca óir dó agus d'imigh sé. An maidin ina dhiaidh sin d'fhéach sé ar an cróca agus bhí sé folamh.- Collector
- Cáit Ní Ghríobhtha
- Gender
- Female
- Age
- 14
- Address
- Cnocán an Phaoraigh Íochtarach, Co. Waterford
- Síoga
Bhí beirt bhuachaillí ann uair amháin agus bhíodar an-mhór lena chéile. D’imigh ceann acu as an áit agus phós sé. Ní raibh sé i bhfad pósta nuair a fuair sé bás.
Chuaigh an fear eile go dtí an tórramh agus nuair a bhí sé in aice leis an tígh, cé bhí ina sheasamh in aice leis an gclaí ach an fear a bhí tar éis bháis. “Ó, nílimse tar éis bháis ar aon chor, ar seisean. Nuair a rachaidh tusa isteach anois(continues on next page)