School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 229

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 229

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 229
  3. XML “Coifín Óir”
  4. XML “Scéal”
  5. XML “Oíche Fhéile Bríde”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bíodar imthighte tháinig an fear dubh anáirde ós cionn an óir mar madra dubh agus gach oidhche bhíodh sé mar sprid ann. Oidhche do bhí fear a dul síos sa cois agus chonnaic sé an madra agus do dhein sé é do lámhach agus níorbh fhada go bhfuair an fear bás. Ní fheachaidh an madra ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Thimcheall 50 bliain ó shoin tháinig bhean áluinn isteach inaice na coise. Do bháthadh í agus do scuab an taoide isteach í. Do bhí beirt fhear ag dul síos ag bailuighadh triosgar agus chonnaic na fearaibh í agus do bhí fáinní óir ar a méireanna agus ó mhúin óir uirthi. Do bhain na fearaibh ma rudaí óir dhi agus do dhíoladar iad. Fuaireadar a lán airgid ortha agus bhíodar saidhbhir as san amach. Do thugadar an corp go dtí na gárdaí agus dheineadar í do chur.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. time
      1. historical periods by name (~25)
        1. the great famine (~4,013)
    2. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Churraoin
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Baile na Cúirte Theas, Co. Waterford
    Informant
    Liam Ó hArta
    Gender
    Male
    Age
    84
    Address
    Baile na Cúirte Theas, Co. Waterford
  3. Do bhí oidhche fheil Bríghde againn ar-roimh aréir. Chuireann na daoine rud éigint amach chun é do bheannughadh an oidhche sin. Brat bríghde a thugann na sean daoine ar sin. Leigheadeadh sé aon tinneas nuair a bheadh sé beannuighthe ní ceart é do níghe mar ní leigheasadh sé aon tinneas annsan.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.