School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Mweelahorna, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú

Filter stories

Back
/ 366 Forward
Resolution: Low | High
Maol an Chóirne, An Rinn | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear ann fadó agus bhí sé an-bhocht. An lá seo chuaidh sé go dtí an tobar agus nuair a bhí sé ag teacht abhaile fuair sé scilling caillte ar an mbóthar agus thug sé don sagart paróiste é agus dúirt an sagart ón altóir go bhfuair an fear scilling caillte ag teacht ón tobar.
Dúirt bean amháin gur chaill sí féin scilling agus go raibh sé ag teastáil uithi chun siúcra a cheannach. Ach do bhí sí ag insint bréag agus do fuair an fear an scilling thar n-ais mar ní le h-aoinne a bhí san séipéal é.
Do chuaidh an fear abhaile agus leag sé an scilling ar an bhfuinneóg agus gach maidin eile do bhíodh púnt ar an bhfuinneóg roimhe.