School: Maol an Chóirne, An Rinn

Location:
Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
Teacher:
Pilib Ó Foghlú
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0642, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
  2. XML Page 207
  3. XML “Sprid”
  4. XML “Fear Bocht”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    oidhche amháin chuaidh sí síos go dtí an tobar fé dhéin buicéid uisge, agus tháinig rud éigin uirthe, agus thuit sí isteach sa tobar. Thosnuig sí ag liúirig, acht níor airig aoinne í. An lá ina dhiaidh san, chonnaic fear í agus
    t[h]óg sé í, agus chur sé í. Annsan
    d[h]íol an fear na cearca, agus nuair a bhí sé ag dul anonn leo, fuair cuid acu bás, bhíodar chómh aosta san. Cúpla lá ina dhiaidh san, chonniac an fear í, síos ag an tobar, agus í ag tógaint an uisge go léir amach as an tobar. Fuair mé an sgéal seo ó Labhrás Ó Cuidighthe. An Rinn. 65 blian d'aois.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. Fear Bocht
    Bhí fear bocht ina chómhnuidhe i mBaile na Míolach fadó, ní raibh aon tig aige agus bhíodh sé i gcómhnuidhe ag lorg déirce.
    Uaireannta chuireadh na daoine na madraí as a dhiaidh. Maidean amháin bhí ocras mór air, agus b[h]í sé an-fhuar mar bhí sioc ann. Chonnaic sé tig mór gairid do, agus chuaidh sé go dtí an ngeata. Chonnaic na madraí é, agus thosnuig siad ag liúirig, chrom an fear síos chun cloch a d'fhag[h]ailt agus é a chaitheamh leis na madraí. Acht bhí na cloc[h]a ceangailte leis an sioc. Annsan dubhairt sé "mo
    m[h]allacht is fiche ar Bhaile na Míolach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Lonáin
    Gender
    Female
    Age
    11
    Address
    Maoil an Choirnigh, Co. Waterford