School: Maol an Chóirne, An Rinn
- Location:
- Maoil an Choirnigh, Co. Waterford
- Teacher: Pilib Ó Foghlú
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Maol an Chóirne, An Rinn
- XML Page 308
- XML “Naomh Déaglán”
- XML “Sprid”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuiteann Lá Féile Déaglán ar an 24 adh la de Iúl. Téigeann an-chuid daoine ó an-chuid áiteanna timcheall annso go dtí an pátrún a bhíonn ann.Deirtear nuair a bhí Naomh Déaglán ag teacht ó'n Róimh d'fhág sé clog agus leabhar urnaighthe na dhiaidh agus tángadar na dhiaidh ar charraig.Tá (-) in Áird Mhóir agus deirtear gur tógadh in aon oidhche amháin é. Tá cloch ann agus dá raghfá fé leighisfí ó pianta a bheadh id dhrom.Bhí an chreideamh annse sar tháinig Naomh Pádraig mar bhí Naomh Déaglán ann.Fuair mé an sgeal seo ó mmo mháthair. Tá sí 38 bliadain d'aois
- Collector
- Seán Ó Súilleabháin
- Gender
- Male
- Age
- 13
- Address
- Ráth na mBiníneach, Co. Waterford
- Fadó ní raibh aon rud ag na daoine chun dul ó áit go h-áit ach capaill.
Bhí fear ag teacht abhaile ó Dúngarbhán aon oíche amháin agus bhí capall aige. Bhí sé ag siúl leis an gcapall ag teacht abhaile.
Nuair a bhí sé imithe píosa léim bean amach thar an gclaidhe agus beir sí air chun é do mharbhú. Bhí scabail ina phóca aige agus tharraing sé amach é agus d'imigh sí.